loader image

Gníomhaíochtaí
Spraoi ar feadh na Bliana

Gníomhaíochtaí

Tá Brú na Dromoda suite go sainiúil i gcroílár Leithinis Uíbh Ráthaigh i nGaeltacht Chiarraí Theas in Iardheisceart na hÉireann. Ta an brú oscailte do ghrúpaí ar feadh na bliana agus tá sé áisiúil ach go háirithe do ghrúpaí siúlóide toisc go bhfuil go leor siúlóidí nádúrtha timpeall na háite seo. Tá sé áisiúl chomh maith do dhaoine ar mian leo sos a thógaint nó fiú do thurais scoile mar tá fáil anseo ar halla spóirt bréa úrscothach atá buailte ar an mbrú anseo.

Is é ár mbrú an áit is fearr do sléibhteoirí, mar níl bun Corráin Tuathaill ach tiomáint 25-30 nóiméad ó leac ár ndorais. Anuas ar sin, téann Slí Uíbh Ráthaigh, ceann de na riannta siúlóide is faide in Éireann go bréa cóngarach timpeall ár suíomh pictiúrtha, ag cur radharcra mórthaibhseach ar fáil. Gabhann an Fáinne Chiarraí, a bhfuil tóir mór air, laistigh de raon gar dár mbrú, lena radharcanna dochreidte agus a áillteacht dosháirithe, foirfe do rothaithe. Ní hamháin seo, ach táimíd lonnaithe ar bhruach Abhainn na hUíne, thar a bheith áisiúil do dhaoine atá ag iarraidh a scíth a ligeant agus iad ag iascarracht cois abhainn.

Tá an brú féiliúnach chomh maith do chuairteoirí ar mian leo cuairt a thabhairt ar Sceilig Mhíchíl, atá aitheanta go domhanda. Is láithreán UNESCO tiomnaithe oidhreachta domhanda é agus nílimíd ach tiomáint 25 nóiméad ó cheann dosna pointí imeachta.

Táimíd sa chúlchiste sraith ór spéire dhorcha amháin atá aitheanta go hidirnáisiúnta sa leathspéir thuaidh ar fad. Deirtear go bhfuil an léacht is airde ar fáil anseo sa Dromaid. Tá an Cúlchiste Idirnáisiúnta Spéire Dhorcha Chiarraí ainmnithe mar an chéad cúlchiste idirnáisiúnta spéire dorcha in Éireann ag Cumann Idirnáisiúnta na Spéire Dorcha, ach ceann amháin de thrí chúlchiste sraith ór ar an bplainéid. Tá an spéir anseo i réigiún an Iardheisceart go simplí neal nuair atá an aimsear soiléar. Ar nós an Canyon Mhór nó macairí Fásaigh na hAifrice, is féidir go leor radharcanna réalteolaíochta a fheicéáil tríd an tsúil nocht. Cuirimíd treallamh úrscothach ar fáil i gcomhair réalteolaí ag iarraidh feiniméin neamhaí draíochta a fheiceáil, mar tá fáil againn ar dhá theileascóp den scoth.

Chomh maith leis an mbrú agus an halla spóirt, tá raon leathan seirbhísí pobail agus gnóthaí san ionad. Tá an foirgneamh Gteic, atá mar chuid de Ghreasán Digiteach na Gaeltachta, lonnaithe sna haonaid gnóthas. Ina theannta sin, tá ais cúram leanaí saintógtha freisin agus tionscadal do dhaoine scothaosta ina bhfuil 6 theach saintógtha agus ionad sóisialta.

Do staraithe, is é ceantar na Dromoda an suíomh is fearr. Tá gallán ársa anseo i gCillín Liath, finné cumhachtach ar stair shúntasach na hÉireann. Tá an gallán éagsúil ach go háirithe ar ndóigh, le scríobhnóireacht ogham agus cros sa lár. Tugann sé an deis dúinn breathnú siar ar stair na hÉireann roimh leabhair agus scríobhnóireacht i mbeallach atá beagnach spioradálta. Tríd is tríd, tá líon mór láithreacha agus séadchomharthaí seandálaíochta i gCeanntar Chiarraí Theas agus is é Brú na Dromoda an áit is coitianta ina mbíonn na cuairteoirí ag fanacht don chuid is mó.