loader image

Brú na Dromoda

Brú agus Ionad Gníomhaíochta
Do Dhaoine Aonair, do Theaghlaigh nó do Ghrúpaí ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.

Fáilte go dtí ár suíomh. Cuireann ár mbrú seirbhís ar fáil ar feadh na bliana do dhaoine aonair agus do ghrúpaí. Táimíd suite i gcroílár Ghaeltacht Chiarraí Theas/Uíbh Ráthaigh in áit thar a bheith draíochtúil anseo sa  Dromaid. Anseo ag Brú na Dromoda, táimíd thar a bheith bródúil as a bheith in ann freastal ar gach cuairteoir, cibé atá ag freastail ar a aonair, le cairde, teaghlaigh, nó fiú grúpaí móra atá ag déanamh taiscéalaíochta ar an áilteacht nádúrtha atá ar fáil anseo i gContae Chiarraí -ní gá a thuilleadh cuardaigh a dhéanamh ná Brú na Dromoda – áit ina bhfuil fáilte roimh chách.

Neadaithe idir na gleannta agus ar bhruach abhainn na hUíne, tugann Brú na Dromoda na haíonna ar an mbrú is taitneamhaí agus is críochnúla ar féidir le duine a bheith ag súil leis. Suite i gcúlchiste spéir dhorcha, tá go leor le maíomh againn anseo ó thaobh radharcanna ar maidin nó istoíche. Má tá an aimsir soiléir, is féidir le duine taitneamh a bhaint as réaltóireacht agus áit a bhfuil rochtain againn freisin ar roinnt trealamh iontach chun cabhrú leis seo a éascú. Tá an Dromaid suite i gCúlchiste Leibhéal Óir nach bhfuil ach ceann amháin de thrí cinn ar domhan.

Tá mothú deas suaimhneach le braith anseo ach nílimíd iargúlta a thuilleadh. De réir mar a tharlaíonn sé, táimíd suite thart ar 8-10 nóiméad ón Choireáin ina bhfuil trá álainn agus roinnt bialanna áille agus tithe tábhairne bríomhara. Anuas ar seo, níl ach tiomáint 15 nóiméad againn ó Chathair Saidhbhín agus Baile an Sceilg (ina bhfuil dhá thrá iontacha brait ghoirm). Ciallaíonn sé seo go bhfuil teacht ar Bhrú na Dromoda go héasca agus go bhfuilimíd an-ghar do áiseanna áitiúla, in ainneoin an suíomh teolaí, deas tíre atá ar fáil anseo. 

Maidir le siúlóirí Slí Uíbh Ráthaigh, cuirimid cur chuige pacáiste ar fáil do na haíonna seo. Nuair a fhágann tú Slí Uíbh Ráthaigh dár mbrú, cuirimid seirbhís béilí ar fáil (deimhnigh trí iarratas), caifé ina bhfuil tae, caife agus cístí blasta agus níocháin sula socraíonn tú isteach i do leaba álainn chompordach. Cuirimid seirbhís níocháin ar fáil freisin nuair is féidir agus tá seomra triomaithe againn dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth orthu agus ar Chósta Iarrdheisceart na hÉireann, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis faraor! Maidir leis an siúlóir a chuireann bac ar an mbáisteach agus a chaithfidh teacht isteach chugainn go luath, is féidir linn freastal ar seo freisin, tá seomra suí  álainn againn atá lán de chluichí agus leabhair chomh maith le teilifís chun tú a áitiú go dtí go bhfuil sé in am siniú isteach arís. Chomh maith leis sin, táimíd suite in aice le Tabhairne na hUíne, áit ar féidir leat do scíth a ligeant cois tine nó cluiche púl a imirt agus bualadh le muintir na háite agus cúpla focal Gaeilge a chleachtadh leo chomh maith. Suite in aice leis seo is ea siopa beag agus is féidir le duine roinnt bunfhorálacha a cheannach dá bhfanacht.

Anseo ar chósta Thiar Theas na hÉireann, táimíd beannaithe leis na siúlóide is fearr in Éireann, chomh maith le go leor bealaí rothaíochta. Tagann cuairteoirí ó chian is ó chóngar chun leas a bhaint as na dúshláin saibhre seo, san áireamh tá Cnoc na dTobair, Ceann Bhré agus Siúlóid Binn an Tí, gan ach cúpla a ainmniú. Is é ár mbrú an áit is fearr do na sléibhteoirí seo. Tugann an tír-raon sléibhtiúl tírdhreach difriúil do chuairteoirí, agus is féidir leis na sléibhteoirí taithí a fháil ar gach rud atá le tairiscint againn anseo i gCiarraí Theas. Cuirfidh ár bhfoireann cúnamh ar fáil maidir leis na beallaí seo nuair is gá.

Tá go leor suíomhanna seandálaíochta agus sár iarsmaí timpeall na háite seo, idir galláin agus séadchorthaí sean, soláthraíonn ár n-áit uathúil deis céim a thógaint siar sa stair agus tuisceannt doimhneach a fháil ar stair fheiceálach na hÉireann. Tá gallán curtha i ngiorracht don bhrú agus meallannn sé go leor staraithe gach bliain. 

Bunú iontach is ea Brú na Dromoda chomh maith, má tá duine éigin ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an sliabh is airde in Éirinn, Corráin Tuathail mar nílimíd ach tiomáint 25-30 nóiméad ó cheann dosna pointí tosaithe. Go deimhin, táimíd lonnaithe in áit thar a bheith áisiúil má tá suim agat cuairt a thabhairt ar Sceilig Mhíchíl mar táimíd tiomáint 25 nóiméad ó shráidbhaile Phort Mhic Aoidh.

Lonnaithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh in Iarrdheisceart na hÉireann, tá Brú na Dromoda mar cheann de na lár-phointí do chultúr agus oidhreacht na hÉireann. Is maoin saibhir í an Ghaeilge agus anseo sa Dromaid, tá an teanga dúchais uathúil ag dul ó neart go neart. Neadaithe i measc Gaeltacht na Dromoda, is cinnte go mbeidh an taithí gan ríochan anseo i mBrú na Dromoda ceann do-dhearmadta.

  • star rating  I stayed at this hostel while I was walking the Kerry Way. It was well located on the trek I was doing.
    Very nice place with great views.
    It is... read more

    Carey H
    9 June 2018

    star rating  Amazing find - hidden gem - Our cycling group stayed here for 2 nights and we were blown away by the facilities, friendliness, and location. We felt like we were at home with a large... read more

    globaltravelerAZ
    6 August 2018

    star rating  Hidden gem - Sometimes you want to veer off the beaten path. When you do, you want a place like Dromid Hostel! The service was outstanding, and the space ideal for... read more

    wayofthehero
    31 July 2018
  • star rating  Wonderful place - This Hostel located in the inner area of the ring of Kerry was really the right choice. Peaceful setting, quiet, relaxing, the private rooms were big and clean. Very good... read more

    inabigcountry
    15 July 2017

    star rating  Brilliant hostel found by chance - Many thanks for the lovely welcome & help to stay the night , found by chance on a Sunday afternoon when running out of options of where to stay (... read more

    Jeff S
    25 July 2017

    star rating  excellent location just off the Kerry Way - after my trek from Glenbeigh i was greeted by friendly staff and shown my ensuite room which was clean, fresh and airy. i relaxed in their comfortable sitting room before... read more

    marymyersireland
    18 July 2016
  • star rating  This is such an amazing place with great views of the surrounding countryside. Emir is so lovely and went out of her way to make sure we were settled. They... read more

    dogfish60
    14 August 2022

    star rating  Stunning location - A really idyllic and perfect place to stay. We were able to do our walks along 'the kerry way' during the day and then head to the local pub in... read more

    Rosairua
    10 February 2016

    star rating  Hidden gem - Best hostel I've ever stayed in! - was doing the Kerry Way, 2 families - 3 adults, 5 children , walking over 13km per day - on day 3 we... read more

    macharr
    4 September 2015

Maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail